lindamary
193 supporters

Foclach

Feb 11, 2022

A chairde,

Bhí sé ar intinn agam le tamall cúpla focal buíochais a rá libh go léir agus cuntas a thabhairt ar an mhéid atá déanta go dtí seo. Tá 96 duine ar fad i ndiaidh tacaíocht a thabhairt do ‘Foclach’ anois agus eadraibh tá €690 curtha isteach sa tionscnamh. Go raibh míle maith agaibh, tá an tacaíocht sin ina chuidiú mhór. Ciallaíonn sé go bhfuil mé ábalta costas an aip a chlúdach. Mar shampla, tháinig cúpla fadhb aníos leis an iPhone agus ní raibh mé ábalta na fadhbanna sin a réiteach mar nach raibh iPhone agam. Cheannaigh mé sean-iPhone, leis an scáileán is lú a bhí ar fáil, agus anois nuair a thagann fabht iPhone aníos bím ábalta é a dheisiú go gasta. Chomh maith le sin, ní raibh mé ag iarraidh sonraí pearsanta a roinnt le Google, mar sin tá mé ag baint úsáid as bogearra anailísíochta eile d’arbh ainm Plausible.io chun sonraí príobháideacha na n-imreoirí a chosaint; cosnaíonn an tseirbhís sin €10 sa mhí. Creidim gur fiú é. Tá mé ábalta an líon daoine atá ag imirt an chluiche gach lá a fheiceáil, chomh maith leis an tír ina bhfuil siad agus an gléas atá acu a aithint. Ach níl sonraí pearsanta á bhailiú agam agus níl mé ag roinnt na sonraí sin le comhlachtaí móra fógraíochta mar Google. An t-aon chostas eile atá orm go dtí seo nó an óstáil. D’aistrigh mé an suíomh ó sheirbhís saor in aisce (GitHub pages) go Netlify (atá saor in aisce go pointe fosta). Bhí cúpla rud teicniúil nach raibh smacht iomlán agam orthu ar GitHub agus ní raibh sé soiléir caidé a tharlódh dá n-ardódh an trácht os cionn bandaleithead áirithe ar GitHub. Mar sin rinne mé an cinneadh bogadh go Netlify. B’fhéidir go mbeadh costas i gceist le Netlify, níl mé cinnte go fóill – braitheann sé ar an trácht – ach má bhíonn costas ann, tá roinnt airgid sa phota go fóill le sin a chlúdach.

Creidimse, le bhur dtacaíocht, go bhfuil muid ag cur acmhainn dhearfach ar fáil agus tá lúcháir orm a bheith páirteach sa tionscadal seo. Le chéile tá muid ag cruthú pobal agus spás saor ar an idirlíon agus go mairfidh sé i bhfad!

Enjoy this post?

Buy lindamary a Beer